An méid a dhéanann an tAontas Eorpach Cuidíonn an tAontas Eorpach chun rialacha agus rátaí cánach náisiúnta a chomhordú, go háirithe i gcás saincheisteanna trasteorann. Is é is aidhm dá bheartais chánachais aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail cánachas cothrom, an timpeallacht chánach a shimpliú do ghnólachtaí, agus tacú leis an aistriú chuig geilleagar níos glaise agus digitithe. Is éard atá sna príomhchuspóirí an cánachas a dhéanamh níos cothroime, níos trédhearcaí agus níos éifeachtúla trí dheireadh a chur le hidirdhealú cánach, cánachas dúbailte agus imghabháil cánach, chomh maith le rialacha a shimpliú maidir le comhlíonadh. I ndeireadh na dála, féachann an tAontas le cánachas cothrom éifeachtúil éifeachtach a bhaint amach chun timpeallacht fhabhrach ghnó a chruthú, iomaíochas a chur chun cinn, agus chun tacú leis an bhfás eacnamaíoch. Príomhfhigiúirí 40%An meánchéatadán de OTI a sheasann don ioncam cánach iomlán33%Sciar na gcánacha indíreacha san ioncam cánach iomlán€6,711 bhilliúnCáin a bhailigh na Ballstáit in 2023 Foinse: Sonraí maidir le Treochtaí Cánach – An Coimisiún Eorpach Réimsí gníomhaíochtaCáin bhreisluacha (CBL)Féach leat an chaoi a n-oibríonn CBL an Aontais mar acmhainn do bhuiséad an AontaisCánachas gnóBeartais lena gcoisctear an cánachas dúbailte agus seachaint cánachCánacha MáilCánacha indíreacha ar dhíol nó ar úsáid alcóil, tobac, táirgí fuinnimh agus leictreachaisTrédhearcacht cánach agus comhar cánachComhar idir gnólachtaí, údaráis chánach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialtaAnailís eacnamaíochIonchur le haghaidh ceapadh beartas maidir le gnéithe cánachais éagsúlaAn Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT)An praghas ar astaíochtaí carbóin earraí a thagann isteach san Aontas, tacú leis an dícharbónú Na príomhéachtaí Tá nuashonrú agus simpliú déanta ag an Aontas ar chóras Cánach Breisluacha (CBL) an Aontais don ré dhigiteach. Is é is aidhm dó rialacha a dhéanamh níos éasca do ghnólachtaí, calaois a laghdú agus feabhas a chur ar an gcaoi a mbailítear CBL. I measc na bpríomhathruithe tá clárú aonair CBL, tuairisciú digiteach, agus comhar níos láidre idir údaráis chánach.Is céim mhór chun cinn é an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha chun an aeráid a chosaint agus tacú le hiomaíocht chóir ag an am céanna. Trí phraghas carbóin a chur ar earraí iompórtáilte áirithe, amhail stroighin, cruach agus alúmanam, chruthaigh an tAontas cothrom iomaíochta dá ghnólachtaí agus spreag sé táirgeadh níos glaine ar fud an domhain.Trí mhalartú eolais slán uathoibríoch a chumasú idir na húdaráis chánach náisiúnta, tá céim mhór déanta ag an Aontas chun imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac. Leis an gcomhar sin, is féidir le tíortha imghabháil cánach a shainaithint agus aghaidh a thabhairt uirthi ar bhealach níos fearr, agus cánacha neamhíoctha a aisghabháil. Is éacht tábhachtach é chun cánachas cothrom éifeachtúil a fhorbairt ar fud an Aontais.Trí dhlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne calaois CBL, tá gníomhaíocht mhór déanta ag an Aontas chun ioncam poiblí a chosaint agus cánachas cothrom a chinntiú. Is saincheist shuntasach í calaois CBL; in 2021 bhí caillteanais CBL ann arbh fhiú €61 bhilliún. Neartaigh an tAontas an comhar idir na Ballstáit, chuir sé feabhas ar an malartú eolais trí uirlisí amhail líonra Eurofisc, agus thug sé isteach athchóirithe sa ríomhthráchtáil agus sa tuairisciú digiteach. Céim mhór atá sna na hiarrachtaí sin, ina measc sin rialacha nua do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta agus córas ríomhshonrasctha fíor-ama atá beartaithe, i dtreo córas CBL atá frithsheasmhach in aghaidh calaoise. Sa spotsolas Córas speisialta CBL do FBMannaÓn 1 Eanáir 2025, leis an gcóras speisialta CBL (an scéim FBM), ceadaítear d’fhiontair bheaga an méid seo a leanas a dhéanamh:earraí agus seirbhísí a dhíol gan CBL a ghearradh ar a gcustaiméirí (díolúine CBL) agus,a n-oibleagáidí comhlíontachta CBL a mhaolú.Tuilleadh eolais An nuacht is déanaí 1 Deireadh Fómhair 2025European Union detains 112 million counterfeit items worth €3.8 billion in 202430 Meán Fómhair 2025Making Europe’s savings work: Better investment opportunities for European citizens to strengthen the European economy Féach na Eolas gaolmharArd-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais CustaimDlí cánachCustamTairiscintí agus deontaisComhairliúcháin
Cuidíonn an tAontas Eorpach chun rialacha agus rátaí cánach náisiúnta a chomhordú, go háirithe i gcás saincheisteanna trasteorann. Is é is aidhm dá bheartais chánachais aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail cánachas cothrom, an timpeallacht chánach a shimpliú do ghnólachtaí, agus tacú leis an aistriú chuig geilleagar níos glaise agus digitithe. Is éard atá sna príomhchuspóirí an cánachas a dhéanamh níos cothroime, níos trédhearcaí agus níos éifeachtúla trí dheireadh a chur le hidirdhealú cánach, cánachas dúbailte agus imghabháil cánach, chomh maith le rialacha a shimpliú maidir le comhlíonadh. I ndeireadh na dála, féachann an tAontas le cánachas cothrom éifeachtúil éifeachtach a bhaint amach chun timpeallacht fhabhrach ghnó a chruthú, iomaíochas a chur chun cinn, agus chun tacú leis an bhfás eacnamaíoch.
Cáin bhreisluacha (CBL)Féach leat an chaoi a n-oibríonn CBL an Aontais mar acmhainn do bhuiséad an Aontais
Cánacha MáilCánacha indíreacha ar dhíol nó ar úsáid alcóil, tobac, táirgí fuinnimh agus leictreachais
Trédhearcacht cánach agus comhar cánachComhar idir gnólachtaí, údaráis chánach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta
An Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT)An praghas ar astaíochtaí carbóin earraí a thagann isteach san Aontas, tacú leis an dícharbónú
Córas speisialta CBL do FBMannaÓn 1 Eanáir 2025, leis an gcóras speisialta CBL (an scéim FBM), ceadaítear d’fhiontair bheaga an méid seo a leanas a dhéanamh:earraí agus seirbhísí a dhíol gan CBL a ghearradh ar a gcustaiméirí (díolúine CBL) agus,a n-oibleagáidí comhlíontachta CBL a mhaolú.Tuilleadh eolais
1 Deireadh Fómhair 2025European Union detains 112 million counterfeit items worth €3.8 billion in 2024
30 Meán Fómhair 2025Making Europe’s savings work: Better investment opportunities for European citizens to strengthen the European economy