lynx   »   [go: up one dir, main page]

Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Cánachas

I gcásanna sonracha, déanann an tAontas Eorpach comhordú ar rialacha agus rátaí náisiúnta cánach ar leith. Cuireann an tAontas comhar idir na Ballstáit chun cinn chun dul i ngleic le seachaint cánach agus imghabháil cánach, chun deireadh a chur le cásanna idirdhealaithe agus chun na hualaigh a bhaineann le comhlíontacht a laghdú.

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Príomhfhigiúirí

40%
An meánchéatadán de OTI a sheasann don ioncam cánach iomlán
33%
Sciar na gcánacha indíreacha san ioncam cánach iomlán
€6,711 bhilliún
Cáin a bhailigh na Ballstáit in 2023

Réimsí gníomhaíochta

Beartais lena gcoisctear an cánachas dúbailte agus seachaint cánach

Cánacha indíreacha ar dhíol nó ar úsáid alcóil, tobac, táirgí fuinnimh agus leictreachais

Na príomhéachtaí

  • Tá nuashonrú agus simpliú déanta ag an Aontas ar chóras Cánach Breisluacha (CBL) an Aontais don ré dhigiteach. Is é is aidhm dó rialacha a dhéanamh níos éasca do ghnólachtaí, calaois a laghdú agus feabhas a chur ar an gcaoi a mbailítear CBL. I measc na bpríomhathruithe tá clárú aonair CBL, tuairisciú digiteach, agus comhar níos láidre idir údaráis chánach.
  • Is céim mhór chun cinn é an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha chun an aeráid a chosaint agus tacú le hiomaíocht chóir ag an am céanna. Trí phraghas carbóin a chur ar earraí iompórtáilte áirithe, amhail stroighin, cruach agus alúmanam, chruthaigh an tAontas cothrom iomaíochta dá ghnólachtaí agus spreag sé táirgeadh níos glaine ar fud an domhain.
  • Trí mhalartú eolais slán uathoibríoch a chumasú idir na húdaráis chánach náisiúnta, tá céim mhór déanta ag an Aontas chun imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac. Leis an gcomhar sin, is féidir le tíortha imghabháil cánach a shainaithint agus aghaidh a thabhairt uirthi ar bhealach níos fearr, agus cánacha neamhíoctha a aisghabháil. Is éacht tábhachtach é chun cánachas cothrom éifeachtúil a fhorbairt ar fud an Aontais.
  • Trí dhlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne calaois CBL, tá gníomhaíocht mhór déanta ag an Aontas chun ioncam poiblí a chosaint agus cánachas cothrom a chinntiú. Is saincheist shuntasach í calaois CBL; in 2021 bhí caillteanais CBL ann arbh fhiú €61 bhilliún. Neartaigh an tAontas an comhar idir na Ballstáit, chuir sé feabhas ar an malartú eolais trí uirlisí amhail líonra Eurofisc, agus thug sé isteach athchóirithe sa ríomhthráchtáil agus sa tuairisciú digiteach. Céim mhór atá sna na hiarrachtaí sin, ina measc sin rialacha nua do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta agus córas ríomhshonrasctha fíor-ama atá beartaithe, i dtreo córas CBL atá frithsheasmhach in aghaidh calaoise.

Sa spotsolas

Лучший частный хостинг