lynx   »   [go: up one dir, main page]

Tosú ar scoil i mBallstát eile

Mar shaoránaigh den Aontas, tá do leanaí i dteideal freastal ar scoil in aon Bhallstátfaoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh na tíre sin.

Tá sé de cheart acu a bheith curtha i rang lena n-aoisghrúpa féin, ar leibhéal atá coibhéiseach lena rang i do thír thionscnaimh, gan beann ar an leibhéal teanga atá acu.

Warning

Mar shaoránach den Aontas, má bhogann tú go Ballstát eile chun obair a dhéanamh, tá do leanaí i dteideal teagasc tosaigh saor in aisce i do thír bhaile nua chun cabhrú leo lánpháirtiú agus oiriúnú don chóras scoile inti. Mar chuid den oiliúint tosaigh sin tá tacaíocht chun teanga do thíre baile nua a fhoghlaim.

Tabhair do d’aire go bhféadfadh an córas scoile i do thír bhaile nua a bheith an-difriúil ón gcóras a bhfuil taithí agat air. I roinnt tíortha, mar shampla, déantar leanaí a dheighilt go han-luath idir sruthanna acadúla nó gairme.

Sin an fáth nach n-aithnítear teastais scoile go huathoibríoch ar fud an Aontais. I roinnt tíortha, ní mór duit iarraidh ar na húdaráis náisiúnta teastais scoile do leanaí a aithint sular féidir leat iad a chlárú i scoil áitiúil.

CCanna

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 29/08/2025
Share this page
Лучший частный хостинг