Ó 1952 i leith, tá Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag áirithiú go n-urramaítear dlí an Aontais agus go gcuirtear é i bhfeidhm i gceart sna Ballstáit. Chinn an Chúirt Bhreithiúnais i mbreithiúnais iomadúla nár comhlíonadh na toirmisc a bhaineann le hidirdhealú a leagtar síos i ndlí an Aontais agus neartaigh sí iad. Sa bhróisiúr seo, cuirtear rogha de na breithiúnais is tábhachtaí de chuid na Cúirte Breithiúnais i láthair de réir catagóirí idirdhealaithe.
Is bunchloch de lánpháirtiú na hEorpa é an toirmeasc ar idirdhealú ar fhorais náisiúntachta: is féidir le saoránach ar bith den Aontas a bhfuil cónaí air nó uirthi go dleathach i mBallstát agus nach náisiúnach é nó í dá chuid brath ar an toirmeasc ar idirdhealú ar fhorais náisiúntachta i ngach cás a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais. Is féidir le hidirdhealú den sórt sin a bheith díreach sa chiall go bhfuil an difríocht sa chóir bainteach go díreach le náisiúntacht, nó indíreach i gcás ina mbraitheann an chóir, mar shampla, ar an tír chónaithe. Tugadh an t-ábhar sin os comhair na Cúirte go mion minic.
In 1989, mheas an Chúirt go bhfuil an ceart céanna ag turasóir ón mBreatain a gortaíodh go dona tar éis ionsaí a rinne daoine ainaithnide air i meitreo Pháras chun cúiteamh a fháil ó Stát na Fraince agus atá ag náisiúnach Francach. Caithfidh turasóir mar sin a bheith i dteideal seirbhísí a fháil lasmuigh dá thír thionscnaimh agus, dá bhrí sin, is féidir leis nó léi brath ar an toirmeasc ar idirdhealú ar fhorais náisiúntachta (breithiúnas an 2 Feabhra 1989, Cowan, 186/87).
I mbreithiúnas cáiliúil Bosman in 1995, chinn an Chúirt, inter alia, go gcuirtear cosc leis an toirmeasc ar idirdhealú ar fhorais náisiúntachta ar chur i bhfeidhm rialacha arna leagan síos ag cumainn spóirt, faoina bhfuil teorainn ar líon na n-imreoirí gairmiúla ar náisiúnaigh de Bhallstáit eile iad a bhféadfaidh clubanna peile a úsáid, i gcluichí i gcomórtais a eagraíonn siad (breithiúnas an 15 Nollaig 1995, Bosman, C-415/93).
Sa bhliain 1998, leag an Chúirt síos an prionsabal gur féidir le náisiúnaigh de Bhallstát brath ar a saoránacht Eorpach chun cosaint a fháil i gcoinne idirdhealú ar fhorais náisiúntachta ag Ballstát eile. Dá réir sin, chinn an Chúirt gur féidir le máthair Spáinneach a bhfuil cónaí uirthi go dleathach sa Ghearmáin brath ar an toirmeasc ar idirdhealú ar fhorais náisiúntachta i gcás ina ndiúltaíonn an Ballstát sin an liúntas tógála leanaí Gearmánach a dheonú di ar an bhforas nach bhfuil cead cónaithe aici, nuair nach gceanglaítear ar náisiúnaigh na Gearmáine doiciméad den sórt sin a chur ar fáil (breithiúnas an 12 Bealtaine 1998, Martinez Sala, C-85/96).
Sa bhliain 2004, chinn an Chúirt go ndéanann Ballstát idirdhealú i gcoinne sealbhóirí dioplómaí meánoideachais a fuarthas i mBallstáit eile i gcás nach gceadaíonn sé dóibh rochtain a fháil ar ardoideachas faoi na coinníollacha céanna le sealbhóirí dioplómaí meánoideachais a fuarthas sa Bhallstát sin (breithiúnas an 1 Iúil 2004, an Coimisiún v an Bheilg, C-65/03).
Is cinnte gur ardaigh úsáid na 24 theanga oifigiúla san Aontas Eorpach ceist an idirdhealaithe teanga, ceist ar thug an Chúirt aghaidh uirthi ina cásdlí.
In 2012, chinn an Chúirt gur idirdhealú ar fhorais teanga é fógraí maidir le comórtais a fhoilsiú i dtrí theanga (an Ghearmáinis, an Béarla agus an Fhraincis) chun oifigigh an Aontais Eorpaigh a earcú agus an oibleagáid scrúduithe roghnúcháin a dhéanamh i gceann de na trí theanga sin (breithiúnas an 27 Samhain 2012, an Iodáil v an Coimisiún, C-566/10).
Ina theannta sin, chinn an Chúirt roinnt uaireanta go gcuirtear cosc le prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar aon cheanglas go gcaithfear an t-eolas ar theangacha a éilítear mar gheall ar chineál an phoist atá le líonadh a fháil sa Bhallstát atá i gceist nó go dtabharfar fianaise air le teastas arna eisiúint ag an mBallstát sin (breithiúnasan28Samhain1989, Groener, C-379/87 agus breithiúnasan6Meitheamh2000, Angonese, C-281/98).
Ina theannta sin, mheas an Chúirt nach féidir le Ballstát a cheangal, faoi phian neamhnithe, go ndéanfar gach conradh fostaíochta trasteorann a tugadh i gcrích le gnóthas cónaitheach a dhréachtú i dteanga nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit sin (breithiúnas an 16 Aibreán 2013, Las, C-202/11).
Troideann dlí an Aontais i gcoinne idirdhealú a bhaineann le bunadh ciníoch agus eitneach, go háirithe san ionad oibre agus maidir le rochtain ar earraí agus seirbhísí. Bhí deis ag an gCúirt raon feidhme an chineáil idirdhealaithe seo a shainiú ina cásdlí.
In 2008, chinn an Chúirt go bhfuil idirdhealú díreach ann nuair a deir fostóir go poiblí nach n-earcóidh sé fostaithe de bhunadh eitneach áirithe. D’eascair an cás ó ráitis a rinne stiúrthóir a dúirt go poiblí nár theastaigh óna chuideachta eachtrannaigh a earcú toisc go raibh drogall ar a custaiméirí rochtain a thabhairt dóibh ar a n-áiteanna cónaithe príobháideacha chun doirse garáiste a shuiteáil (breithiúnas an 10 juillet 2008, Feryn, C-54/07).
In 2015, chinn an Chúirt gur féidir idirdhealú ar fhorais eitneacha a chruthú i gcás ina suiteáiltear méadair leictreachais ar airde nach bhfuil fáil acu orthu (idir sé agus seacht méadar) i gceantar ina raibh daonra dlúth ann de Romaigh, ach go gcuirtear na méadair chéanna ar airde inrochtana i gceantair eile. Ní hamháin go bhfágann cleachtas den sórt sin go bhfuil sé an-deacair ar na páirtithe lena mbaineann a gcuid méadar leictreachais a sheiceáil chun monatóireacht a dhéanamh ar a dtomhaltas, mura bhfuil sé dodhéanta, ach tá sé maslach agus stiogmatach freisin. Thug an Chúirt dá haire, ar an ócáid sin, go mbaineann prionsabal na córa comhionainne ní hamháin le daoine a bhfuil bunús eitneach áirithe acu ach freisin le daoine, cé nach ball den ghrúpa eitneach lena mbaineann iad féin, atá thíos le cóir níos lú fabhar, in éineacht leis an ngrúpa eitneach atá i gceist (breithiúnas an 16 Iúil 2015, CHEZ Razpredelenie Bulgaria, C-83/14).
Tá cásdlí flúirseach forbartha ag an gCúirt bunaithe ar phrionsabal na córa comhionanna idir fir agus mná.
Idirdhealú i gcoinne na mban san ionad oibre: prionsabail ghinearálta
Chomh luath le 1976, chinn an Chúirt go bhfuil éifeacht dhíreach ag prionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná dá bhforáiltear le dlí an Aontais sa chaoi gur féidir le duine brath air i gcoinne a fhostóra (breithiúnas an 8 Aibreán 1976, Defrenne, 43/75).
Chinn an Chúirt go bhféadfadh idirdhealú indíreach in aghaidh na mban a bheith i gceist le heisiamh fostaithe páirtaimseartha ó scéim pinsin ceirde má théann an t-eisiamh sin i bhfeidhm ar líon i bhfad níos mó ban ná fear agus dá bhrí sin nach bhféadfaí é a mhíniú le tosca a bhfuil údar oibiachtúil leo nach mbaineann le haon idirdhealú ar fhorais ghnéis (breithiúnas an 13 Bealtaine 1986, Bilka, 170/84).
Ar deireadh, ghlac an Chúirt leis an bhféidearthacht tosaíocht a thabhairt d’ardú céime d’iarrthóirí mná, atá chomh cáilithe céanna, in earnálacha den tseirbhís phoiblí ina bhfuil níos lú ban ná fir fostaithe sa phost ábhartha ar ghrád níos airde sa réimse gairme ábhartha (“idirdhealú dearfach”), fad nach bhfuil an buntáiste uathoibríoch agus go ráthaítear go ndéanfar iarrthóirí fir a mheasúnú gan a n-iarratas a eisiamh a priori roimh ré (breithiúnas an 11 Samhain 1997, Marschall, C-409/95).
Idirdhealú i gcoinne na mban san ionad oibre: fostaithe torracha
In 1990, chinn an Chúirt gur idirdhealú ar fhorais ghnéis é diúltú do bhean a fhostú mar gheall ar thoircheas agus dífhostú oibrí mná ar an gcúis chéanna (breithiúnais an 8 Samhain 1990, Dekker, C-177/88 agus Handels- og KontorfunktionaerernesForbund, C-179/88). Shoiléirigh an Chúirt ina dhiaidh sin go bhfuil feidhm ag an toirmeasc ar dhífhostú oibrí mná bunaithe ar a toircheas i leith conarthaí fostaíochta ar feadh tréimhse éiginnte agus conarthaí ar théarma seasta. Ar an gcuma chéanna, tá sé bunaithe ag an gCúirt go bhfuil neamh-athnuachan conartha fostaíochta ar théarma seasta idirdhealaitheach más í staid toirchis an oibrí is spreagadh di (breithiúnais an 4 Deireadh Fómhair 2001, Jiménez Melgar, C-438/99 agus Tele Danmark A/S, C-109/00). Chinn an Chúirt freisin gur idirdhealú neamhdhleathach ar fhorais ghnéis é dífhostú oibrí mná le linn a toirchis mar thoradh ar neamhláithreachtaí de bharr breoiteacht a bhaineann le toircheas (breithiúnas an 30 Meitheamh 1998, Brown, C-394/96). Ina theannta sin, tá sé ráite ag an gCúirt go bhfuil sé neamhdhleathach oibrí mná a dhífhostú ar fhorais an toirchis agus/nó breithe linbh, fiú má chuirtear sin in iúl di tar éis di filleadh ó shaoire mháithreachais (breithiúnais an 11 Deireadh Fómhair 2007, Paquay, C-460/06).
Ina theannta sin, chinn an Chúirt gur idirdhealú díreach ar fhorais ghnéis é dífhostú oibrí mná atá sna céimeanna deireanacha de chóireáil toirchithe in vitro agus atá as láthair go sealadach dá barr, ós rud é nach mbaineann an chóireáil sin ach le mná (breithiúnas an 26 Feabhra 2008, Mayr, C-506/06).
Samplaí eile den idirdhealú ar fhorais ghnéis: árachas agus na fórsaí armtha
Mheas an Chúirt, in 2011, gur idirdhealú a bhí ann gnéas an tsealbhóra polasaí a chur san áireamh mar fhachtóir riosca i gconarthaí árachais. Is é sin an fáth, ón 21 Nollaig 2012, go ndéantar préimheanna agus sochair a ríomh laistigh den Aontas gan idirdhealú ar bhonn ghnéas an tsealbhóra polasaí (breithiúnas an 1 Márta 2011, Association belge des consommateurs Test-Achats e.a., C-236/09).
Shoiléirigh an Chúirt, in 1999, go gcaithfidh eagrú agus riarachán na bhfórsaí armtha prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná a chomhlíonadh fiú más féidir rochtain ar aonaid áirithe a fhorchoimeád go heisiach d’fhir mar gheall ar na coinníollacha sonracha maidir le himscaradh na n-aonad sin (aonaid ionsaithe commando mar shampla) (breithiúnas an 26 Deireadh Fómhair 1999, Sirdar, C-273/97). Ar aon chaoi, ní féidir mná a thoirmeasc go hiomlán ó phoist mhíleata lena mbaineann úsáid arm (breithiúnas an 11 Eanáir 2000, Kreil, C-285/98).
Idirdhealú ar fhorais athraithe inscne
In 1996, chinn an Chúirt gur idirdhealú é dífhostú bunaithe ar athrú inscne duine nó ar rún a bheith ag duine dul faoi athrú inscne, ós rud é go gcaitear go neamhfhabhrach leis an duine sin i gcomparáid le daoine den ghnéas ar measadh go raibh sé nó sí sula ndearnadh an t-athrú inscne (breithiúnas an 30 Aibreán 1996, P.v S, C-13/94).
In 2004, chinn an Chúirt maidir le reachtaíocht náisiúnta, de bhrí nár aithníodh féiniúlacht nua daoine trasghnéasacha léi, go séantar an ceart chun pósadh orthu agus go bhfuil sí contrártha le dlí an Aontais más é a héifeacht go ndéantar pinsean marthanóra a choinneáil uathu (breithiúnas an 7 Eanáir 2004, K.B., C-117/01). Ar an gcuma chéanna, chinn an Chúirt, in 2018, nach féidir a cheangal ar dhuine a d’athraigh inscne an pósadh a rinne sé nó sí roimh an athrú sin a neamhniú d’fhonn a bheith i dteideal pinsean scoir a fháil ag an aois dá bhforáiltear do dhaoine den ghnéas atá bainte amach aige nó aici (breithiúnas an 26 juin 2018, MB, C 451/16).
In 2015, chinn an Chúirt gur féidir idirdhealú a bheith i gceist i gcás fir a raibh caidreamh gnéis acu le fear eile a eisiamh go buan ó fhuildeonadh, mura féidir a shuíomh go heolaíoch go bhfuil riosca ard ann, do na daoine sin, galair thromchúiseacha thógálacha a fháil amhail, inter alia, VEID, agus go n -urramófar prionsabal na comhréireachta. Dá réir sin, ní mór do Bhallstát scrúdú a dhéanamh ar dtús an bhfuil teicnící éifeachtacha eile ann chun VEID a bhrath nach bhfuil chomh trom le fritásc buan do na daoine sin in ainneoin go bhfuil tréimhse ann a leanann ionfhabhtú víreasach ina bhfanann na bithchomharthaí a úsáidtear chun fuil dheonaithe a thástáil diúltach, cé go bhfuil an deontóir ionfhabhtaithe (“an tréimhse shuain“). Ina theannta sin, d’fhéadfadh ceistneoir agus agallamh ar bhonn aonair le deontóirí fola a fhágáil go bhféadfaí an cineál iompraíochta gnéis a mbaineann riosca léi a aithint ar bhealach níos cruinne (breithiúnas an 29 Aibreán 2015, Léger, C-528/13).
Chinn an Chúirt freisin go gcaithfear cead a thabhairt d’fhostaí a dhéanann comhaontú sibhialta idirchleithiúnais (PACS) le duine den ghnéas céanna na sochair chéanna a fháil, amhail laethanta saoire speisialta agus bónas tuarastail, amhail iad siúd a dheonaítear d’fhostaithe heitrighnéasacha ar ócáid a bpósta, nuair nach féidir pósadh a dhéanamh go dleathach i gcás lánúineacha den ghnéas céanna agus go bhfuil an luach dlíthiúil céanna ag socrú PACS agus atá ag an bpósadh chun críocha na saoire speisialta atá i gceist (breithiúnas an 12 Nollaig 2013, Hay, C-267/12).
Cé go bhfuil sé fíor gur thug an Chúirt, den chéad uair, sainmhíniú ar “míchumas” in 2006, rinneadh an sainmhíniú sin a athbhreithniú in 2013 chun an sainmhíniú dá bhforáiltear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a chuimsiú, sainmhíniú a dhaingnigh an tAontas Eorpach in 2009. Bhí deis ag an gCúirt roinnt cásanna d’idirdhealú ar fhorais mhíchumais a bhaineann, go ginearálta, le dífhostú a scrúdú.
Sainmhíníonn an Chúirt an míchumas mar theorannú a eascraíonn go háirithe as laguithe fadtéarmacha fisiciúla, meabhracha nó síceolaíocha a d’fhéadfadh, trí idirghníomhú le bacainní éagsúla, bac a chur ar rannpháirtíocht iomlán éifeachtach an duine lena mbaineann sa saol gairmiúil ar bhonn comhionann le hoibrithe eile. Chuir an Chúirt i bhfios go láidir nach ionann míchumas agus breoiteacht inti féin. I gcodarsnacht leis sin, i gcásanna ina bhfreagraíonn an tinneas nó fadhb sláinte eile don sainmhíniú sin (amhail, mar shampla, murtall), caithfear iad a mheas mar mhíchumas, beag beann ar a gcineál nó a mbunús.
Dá bhrí sin, déantar idirdhealú ar fhorais mhíchumais i leith duine a dhífhostaítear ar chúiseanna a bhaineann le breoiteacht den sórt sin (breithiúnais an 11 Iúil 2006, Chacón Navas, C 13/05; an 11 Aibreán 2013, Ring agus Skouboe Werge, C-335/11 agus C-337/11; an 18 Nollaig 2014, FOA, C 354/13).
Thairis sin, chinn an Chúirt, in 2008, go gcosnaíonn dlí an Aontais fostaithe a bhfuil idirdhealú á dhéanamh ina gcoinne ar fhorais mhíchumas a linbh. Níl an toirmeasc ar idirdhealú díreach teoranta do dhaoine faoi mhíchumas, clúdaíonn sé freisin fostaithe nach mór dóibh aire a thabhairt dá leanbh atá faoi mhíchumas (breithiúnas an 17 Iúil 2008, Coleman, C-303/06).
Tá feidhm ag prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais aoise, go bunúsach, i réimse na fostaíochta agus an tsaothair, cibé acu ó thaobh cúrsaí earcaíochta, feidhmiú gníomhaíochtaí nó cearta pinsin de.
Ó 2010, tá sé cinnte ag an gCúirt roinnt uaireanta, nach féidir, go ginearálta, teorainn aoise a leagan síos i dtaca le hearcú i ngairmeacha áirithe. D’fhéadfaí nach amhlaidh an cás nuair a bhíonn cumais fhisiciúla áirithe ina riachtanas gairme dáiríre cinntitheach chun an ghairm a shaothrú (mar shampla i gcás comhraiceoirí dóiteáin a bhfuil baint dhíreach acu le tinte a chomhrac nó le póilíní a n-éilíonn a ndualgais fórsa fisiciúil a úsáid) (breithiúnais an 12 Eanáir 2010, Wolf, C-229/08; 13 Samhain 2014, Vital Pérez, C-416/13; 15 Samhain 2016, SalaberriaSorondo, C-258/15).
I gcodarsnacht leis sin, d’aithin an Chúirt go bhféadfadh scor éigeantach oibrithe ag 65 bliana d’aois a bheith incheadaithe má tá sin dírithe ar dháileadh oibre níos fearr a chinntiú idir na glúnta agus, go háirithe, chun dífhostaíocht a choinneáil faoi smacht agus i gcás ina bhfuil na hoibrithe lena mbaineann i dteideal pinsean scoir leordhóthanach a tharraingt (breithiúnas an 16 Deireadh Fómhair 2007, Palacios de la Villa, C 411/05). Ar an gcuma chéanna, mheas an Chúirt gur teorainn bhailí í an teorainn aoise 65 bliana atá leagtha síos i ndlí an Aontais do phíolótaí aerárthaí tráchtála atá ag iompar paisinéirí, lasta nó poist. Tá údar léi de bharr na haidhme sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a chinntiú (breithiúnas an 5 Iúil 2017, Fries, C-190/16). Chinn an Chúirt, áfach, gur idirdhealú ar fhorais aoise é an toirmeasc glan ar phíolótaí aerlíne a ngníomhaíocht phíolótach a dhéanamh os cionn 60 bliana d’aois toisc go dtéann toirmeasc den sórt sin níos faide ná mar is gá chun cosaint sábháilteachta aerthráchta a chinntiú (breithiúnas an 13 Meán Fómhair 2011, Prigge e.a., C-447/09).
Ina theannta sin, chinn an Chúirt nach dtugann an cuspóir oibrithe scothaosta dífhostaithe a imeascadh sa saol oibre údar do reachtaíocht náisiúnta lena n-údaraítear, gan srianta, conarthaí fostaíochta ar théarma seasta a thabhairt i gcrích i gcás gach oibrí os cionn 52 bliana d’aois, cibé acu a bhí nó nach raibh siad dífhostaithe sular tugadh an conradh i gcrích agus cibé fad a mhair aon tréimhse dífhostaíochta (breithiúnas an 22 Samhain 2005, Mangold, C-144/04).
Chinn an Chúirt freisin go raibh idirdhealú ann nuair a coimeádadh liúntas téarfa ó oibrithe ar an bhforas go bhféadfaidís pinsean scoir a tharraingt (breithiúnas an 12 Deireadh Fómhair 2010, Andersen, C-499/08).
Ar deireadh, thug an Chúirt dá haire, fiú amháin i ndíospóidí idir daoine príobháideacha, go gcaithfidh cúirt náisiúnta a chinntiú go gcomhlíontar prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais aoise, diúltú, más gá, do chur i bhfeidhm aon fhoráil de reachtaíocht náisiúnta atá contrártha leis an bprionsabal sin (breithiúnas an 19 Aibreán 2016, Dansk Industri, C-441/14).
Tá roinnt breithiúnas eisithe ag an gCúirt a bhaineann le hidirdhealú ar fhorais reiligiúin i dtaca le hearcaíocht agus dífhostú.
Maidir le hearcaíocht, chinn an Chúirt go gcaithfidh an ceanglas maidir le cleamhnú reiligiúnach do phost in eaglais nó in eagraíocht reiligiúnach a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ag cúirteanna náisiúnta. Ní foláir don cheanglas sin a bheith riachtanach agus a bheith oibiachtúil, ag féachaint d’éiteas na heaglaise nó na heagraíochta, faoi réir chineál na gníomhaíochta gairme lena mbaineann nó na n-imthosca ina ndéantar í, agus caithfidh sé prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh (breithiúnas an 17 Aibreán 2018, Egenberger, C-414/16).
Maidir le dífhostú, mheas an Chúirt go bhféadfadh idirdhealú ar fhorais reiligiúin a bheith i gceist le dífhostú dochtúra shinsearaigh de chreideamh Caitliceach ag ospidéal Caitliceach mar gheall ar a athphósadh tar éis colscaradh. Ní hionann an ceanglas go n-urramóidh dochtúir sinsearach de chreideamh Caitliceach nóisean na hEaglaise Caitlicí go bhfuil an pósadh sácráilte doscaoilte agus riachtanas gairme dáiríre, dlisteanach a bhfuil cúis leis. Dúirt an Chúirt freisin gur prionsabal ginearálta éigeantach dlí é an toirmeasc ar gach idirdhealú ar fhorais reiligiúin atá cumhdaithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha, sa chaoi go bhféadfaidh duine brath ar an toirmeasc sin i ndíospóid a éireoidh faoi dhlí an Aontais (breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2018, IR, C-68/17).
I gcásanna inar dífhostaíodh fostaithe as scairf Ioslamach a chaitheamh ag an obair, d’aithin an Chúirt gur féidir le gnóthas, i bprionsabal, trí riail inmheánach, a oibrithe a thoirmeasc ó aon chomhartha sofheicthe de chreidimh pholaitiúla, fealsúnachta nó reiligiúnacha a chaitheamh. Ní hionann toirmeasc ginearálta den sórt sin agus idirdhealú díreach. D’fhéadfadh sé gur idirdhealú indíreach é, áfach, má chuirtear daoine a leanann reiligiún áirithe faoi mhíbhuntáiste ar leith. Fiú amháin i gcás den sórt sin, féadfar go bhfuil údar cuí ag toirmeasc i gcás ina saothraíonn an fostóir, ina chaidrimh lena chustaiméirí, beartas neodrachta polaitiúla, fealsúnachta agus reiligiúnaí agus nach gcumhdaíonn an toirmeasc ach oibrithe a bhfuil teagmháil amhairc acu le custaiméirí. Más iomchuí, ní mór don fhostóir a dheimhniú an féidir leis post nach mbaineann an teagmháil amhairc sin leis a thairiscint don duine lena mbaineann. Dúirt an Chúirt, áfach, nach féidir toilteanas fostóra chun aird a thabhairt ar mhianta custaiméara nach bhfreastalóidh oibrí a bhfuil scairf Ioslamach orthu a mheas mar riachtanas gairme dáiríre lena gcuirtear as an áireamh go bhfuil idirdhealú ann. (breithiúnais an 14 Márta 2017, G4S Secure Solutions, C-157/15, agus Bougnaoui, C-188/15).