lynx   »   [go: up one dir, main page]

Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Rialáil níos fearr

Cad is rialáil níos fearr ann?

Tá rialáil níos simplí, níos éadroime agus níos tapúla ar cheann de phríomhchumasóirí iomaíochas na hEorpa. Sin é an fáth gur tosaíochtaí tábhachtacha de chuid an Choimisiúin iad simpliú agus cur i bhfeidhm araon, a bhfuil struchtúir agus sásraí sonracha ina mbonn taca leo. Déanann an Coimisiún a dhícheall simpliú agus laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a bhaineann le rialacháin an Aontais chun a chinntiú go bhfuil siad comhréireach, cobhsaí, comhleanúnach agus neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. 

Sa chomhthéacs sin, cuidíonn an clár oibre maidir le rialáil níos fearr leis an Aontas beartais agus dlíthe fianaisebhunaithe a chur ar fáil lena mbaintear amach a gcuspóirí ar an dóigh is éifeachtúla is féidir, agus é á chur in oiriúint ag an am céanna do riachtanais shaoránaigh, ghnólachtaí agus shochaí sibhialta an Aontais. Leis na treoirlínte agus an bosca uirlisí maidir le rialáil níos fearr, cuirtear treoraíocht phraiticiúil ar fáil do sheirbhísí an Choimisiúin a bhfuil baint acu le tionscnaimh agus tograí nua a ullmhú, sin nó le reachtaíocht atá ann cheana a bhainistiú agus a mheasúnú.

Cinntítear an méid seo a leanas le rialáil níos fearr:

  • Tá gníomhaíochtaí an Aontais bunaithe ar an bhfianaise is fearr atá ar fáil agus tá siad ceaptha chun an tionchar inmhianaithe a bhaint amach le dul chun tairbhe do shochaí, geilleagar agus comhshaol an Aontais, agus le cabhrú leis an gCoimisiún a thosaíochtaí straitéiseacha a bhaint amach
  • tá an timpeallacht rialála simplí éifeachtach éifeachtúil comhleanúnach agus cuirtear i bhfeidhm i gceart í chun gnó san Eoraip a dhéanamh níos simplí agus níos tapúla 
  • níos lú rómhaorlathais agus tuairiscithe san Eoraip chun borradh a chur faoi infheistíochtaí agus faoin iomaíochas 
  • tá an chinnteoireacht oscailte agus trédhearcach do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do pháirtithe leasmhara eile
  • is féidir le saoránaigh agus le páirtithe leasmhara cur leis an bpróiseas ceaptha beartas agus reachtóireachta trí chomhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara, trí chomhairliúcháin phoiblí ar líne, trí idirphlé maidir le cur i bhfeidhm, trí sheiceálacha réaltachta agus trí aiseolas a thabhairt do ghlaonna an Choimisiúin ar fhianaise agus ar ghníomhartha
  • Déanann tionscnaimh an Aontais beart de réir mar a bhíothas ag súil leis agus tá siad fós oiriúnach don fheidhm agus do na dúshláin a bheidh ann amach anseo, trí leas a bhaint as obair an Choimisiúin maidir leis an bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach i measc nithe eile
  • urramaítear prionsabal na coimhdeachta agus prionsabal na comhréireachta.
  • Cuirtear luachanna an Aontais agus samhlacha rialála éifeachtacha chun cinn ar fud an domhain, trí thacú le dea-chleachtais maidir le rialáil níos fearr i gceapadh beartas idirnáisiúnta, e.g. caighdeáin dhomhanda a chruthú. 

Cad iad príomhionstraimí na rialála níos fearr?

Meastóireachtaí, seiceálacha oiriúnachta agus measúnuithe tionchair

Is ar an gCoimisiún atá sé de chúram dlíthe agus beartais nua an Aontais a bheartú, a ullmhú agus a mholadh. Is é Clár Oibre an Choimisiúin is bonn faoin obair sin. Sa phróiseas ullmhúcháin, tá an Coimisiún ag urramú sraith rialacha agus treoirlínte. 

I gcomhréir leis an bprionsabal ‘meastóireacht a dhéanamh ar dtús’, tagann an mheastóireacht roimh an obair ar athbhreithniú ar bheartas nó dlí atá ann cheana agus cuirtear fianaise ar shainmhíniú na faidhbe ar fáil léi.

Le meastóireachtaí agus seiceálacha oiriúnachta an Choimisiúin, déantar anailís ar fheidhmíocht na mbeartas, na gclár agus na reachtaíochta atá ann cheana. Déanann na meastóireachtaí, atá bunaithe ar fhianaise, measúnú ar a éifeachtaí, a ábhartha agus a chomhleanúnaí atá beartas nó reachtaíocht atá ann cheana, agus an bhfuil breisluach AE ag baint leis. Beidh na meastóireachtaí sin ina mbonn eolais ansin chun athbhreithnithe nó tionscnaimh nua a ullmhú. 

Scrúdaítear i measúnuithe tionchair an bhfuil gá le gníomhaíocht ón Aontas, déantar anailís ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag na réitigh atá ar fáil, agus treoraítear rogha an Choimisiúin agus ullmhú an togra. Déantar an anailís sin le linn chéim an ullmhúcháin, sula gcuire an Coimisiún bailchríoch ar thogra le haghaidh dlí nua nó dlí athbhreithnithe.  

Ina theannta sin, is uirlis thábhachtach í an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach chun beartais chomhleanúnacha a sheasfaidh an aimsir a chruthú i ngach earnáil. Féachann an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach ar thodhchaíochtaí difriúla a d’fhéadfadh a bheith ann, in éineacht leis na deiseanna agus na dúshláin a bhféadfadh baint a bheith acu leo. Sa deireadh thiar thall, cuidíonn sí le lucht déanta beartas gníomhú san am i láthair chun an todhchaí a mhúnlú.

Simpliú i gcroílár na rialála níos fearr

Agus an Clár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) mar bhonn aige, tá an Coimisiún ag déanamh dul chun cinn chun dlíthe an Aontais a dhéanamh níos simplí agus chun laghdú a dhéanamh ar chostais rialála nach bhfuil gá leo agus na cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach ag an am céanna. Trí thástáil struis a dhéanamh ar acquis an Aontais trí mheastóireachtaí agus seiceálacha oiriúnachta, déanfaidh na tograí simpliúcháin ón gCoimisiún dlíthe an Aontais a shimpliú agus ualaí rialála a laghdú ar deireadh. Cuideoidh sé sin leis an gCoimisiún laghdú 25% ar a laghad a bhaint amach ar na hualaí riaracháin atá ann cheana, agus laghdú 35% do FBManna. Cinntíonn an cur chuige ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ go ndéantar gach ualach a thugtar isteach le tionscnaimh an Choimisiúin a mheas, agus go ndéantar ualaí riaracháin a chúiteamh trí ualaí arb ionann a luach a bhaint sa réimse beartais céanna.

Is príomhthosaíocht é an t-iomaíochas: cuideoidh seiceáil nua ar FBManna agus ar iomaíochas leis an dá ghné sin a ghabháil ar bhealach níos fearr sna measúnuithe tionchair. Cuireann an Coimisiún i láthair forléargas bliantúil ar a chuid iarrachtaí maidir le simpliú agus laghdú ualaigh chun an dul chun cinn i dtreo na gcuspóirí sin a léiriú.

Rialú cáilíochta

Is é an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála, comhlacht neamhspleách d’oifigigh de chuid an Choimisiúin agus saineolaithe ó lasmuigh den Choimisiún, a dhéanann athbhreithniú ar mheasúnuithe tionchair agus ar mheastóireachtaí roghnaithe. Foilsíonn an Bord tuarascálacha bliantúla a chuireann i láthair an méid atá déanta aige lena mhisean a chur i gcrích.

Coimhdeacht agus comhréireacht

De réir phrionsabal na coimhdeachta, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún gan beart a dhéanamh ach amháin nuair is gá agus i gcás ina mbeidh leas soiléir le baint as na bearta sin i gcomparáid le bearta eile a dhéanfaí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. Déantar eangach choimhdeachta a cheangal le gach tionscnamh atá íogair agus tábhachtach go polaitiúil lena ngabhann measúnú ar thionchar. 

Is éard is fócas do phrionsabal na comhréireachta an tionchar airgeadais agus riaracháin a bheadh ag reachtaíocht atá beartaithe lena chinntiú nach rachaidh gníomhaíochtaí rialála thar an méid is gá chun na cuspóirí reachtacha agus beartais a bhaint amach. Is gá aon tionchar den sórt sin a laghdú a oiread is féidir agus é a bheith i gcomhréir le cuspóirí an bheartais. Ciallaíonn sé sin go gcuirtear na beartais uile i gcrích ar an mbealach is simplí agus is saoire, agus go seachnaítear an rómhaorlathas nach bhfuil gá leis dá bharr.

Rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara

Tá comhairliúchán le páirtithe leasmhara i gcroílár an chláir oibre maidir le rialáil níos fearr. Tugann an Coimisiún an deis do shaoránaigh agus do pháirtithe leasmhara a gcuid aiseolais a thabhairt ar líne thar shaolré iomlán beartais chun fianaise a bhailiú le tacú le ceapadh beartas agus chun an trédhearcacht a chinntiú.

An Tairseach ‘Cloisimis uait: Comhairliúcháin Phoiblí agus Aiseolas’ 

Cén chaoi a n-oibríonn sí?

  • is féidir le páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí agus fianaise a chomhroinnt maidir le tograí le haghaidh beartais nua, gníomhartha dlí nua agus dlíthe nua de chuid an Aontais atá ann cheana (meastóireachtaí agus seiceálacha oiriúnachta)
  • tá sí ilteangach, láraithe, trédhearcach agus só-úsáidte
  • an méid a chuireann na páirtithe leasmhara ar fáil, is amhlaidh a chuireann sé leis an bpróiseas cinnteoireachta

Aithníodh go bhfuil cur chuige an Choimisiúin maidir le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara ar thús cadhnaíochta: in 2018 agus 2021, rangaigh an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) an tAontas sa chéad áit i measc a comhaltaí. 

Glao ar fhianaise agus comhairliúchán poiblí

Cuidíonn na tuairimí, an taithí phraiticiúil, an fhianaise agus na sonraí a thagann ó pháirtithe leasmhara agus ón bpobal chun tionscnaimh agus meastóireachtaí beartais atá ar chaighdeán níos airde agus níos láidre a chur ar fáil:

  • aiseolas ar an nglao ar dhoiciméid fianaise (le haghaidh measúnuithe tionchair, meastóireachtaí agus seiceálacha oiriúnachta), tréimhse a bhíonn ar oscailt go ceann 4 seachtaine
  • comhairliúchán poiblí (le haghaidh gníomhartha reachtacha), tréimhse a bhíonn ar oscailt go ceann 12 sheachtain

I bprionsabal bíonn an dá cheann acu ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Is féidir le muintir na hEorpa páirt a ghlacadh in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais, agus leaganacha neamhfhoirmiúla ríomhaistrithe de na barúlacha ar an aiseolas agus na páipéir seasaimh uile a fháil ina dteanga féin.

Aiseolas

Is féidir le saoránaigh a gcuid aiseolais a chomhroinnt leis an gCoimisiún freisin, trí thrácht a dhéanamh ar thograí na ngníomhartha dlí nó na ngníomhartha tarmligthe agus na ngníomhartha cur chun feidhme. Ansin déanann an Coimisiún anailís agus achoimre ar an aiseolas a fhaigheann sé. Fágann sé sin go bhfeicfidh muintir na hEorpa an dóigh a gcuireann a gcuid aiseolais le hullmhú tionscnamh. Déantar an t-aiseolas maidir leis na dréachtghníomhartha reachtacha a chomhroinnt leis na comhreachtóirí (Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle). 

 

Idirphlé maidir le cur chun feidhme agus seiceálacha réaltachta

Eagróidh gach comhalta den Choimisiún Eorpach dhá sheisiún idirphlé maidir le cur chun feidhme ar a laghad le páirtithe leasmhara gach bliain chun cur chun feidhme dhlí an Aontais a ailíniú le fíorstaideanna ar an láthair. Cuirfidh siad ardán ar fáil le haghaidh plé oscailte trédhearcach idir páirtithe leasmhara. Tríd na seisiúin idirphlé sin, oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na páirtithe leasmhara chun bacainní ar chur chun feidhme cuí a shainaithint. 

Déanfaidh an Coimisiún teagmháil freisin le cleachtóirí i gcuideachtaí trí na seiceálacha réaltachta, chun tuiscint a fháil ar a dtaithí ar an láthair agus ar thionchar dhlí an Aontais ar a ngníomhaíochtaí. Cuideoidh na malartuithe sin ar an leibhéal teicniúil chun saincheisteanna praiticiúla, constaicí nó taithí dhearfach a shainaithint agus a réiteach, agus leis an dóigh a mbaineann siad le rialacha an Aontais, le cur chun feidhme agus le trasuí náisiúnta. 

Cuireann toradh na seiceálacha réaltachta leis an tástáil struis ar an reachtaíocht atá ann cheana (meastóireachtaí agus seiceálacha oiriúnachta ina measc) agus le ceapadh tograí simpliúcháin a bheidh ann amach anseo.

Comhpháirtíocht agus comhar

Institiúidí an Aontais Eorpaigh ag obair i dteannta a chéile

Feabhas a chur ar reachtóireacht an Aontais Eorpaigh, is cuspóir comhpháirteach atá ansin, agus is freagracht é atá ar institiúidí uile an Aontais Eorpaigh agus ar na Ballstáit araon. Is é an bealach is fearr chun feabhas a chur ar reachtóireacht an Aontais agus torthaí níos fearr a bhaint amach ná Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach oibriú le chéile ar bhealach níos dlúithe.

Ní féidir leis an gCoimisiún ach an tionchar a bhaineann lena chuid tograí reachtacha féin a chinneadh, chomh maith leis na costais agus na coigiltis. Athruithe a dhéantar le linn na caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, d’fhéadfaidís athrú suntasach a dhéanamh ar na tionchair a imrítear ar dhaoine, ar ghnólachtaí nó ar údaráis riaracháin. 

Athsheolfaidh an Coimisiún an t-idirphlé polaitiúil le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle chun smaointe a phlé, ionas gur féidir leis na páirtithe uile measúnú a dhéanamh ar thionchair a leasuithe ar bhealach coiteann agus a ngealltanais a chomhlíonadh faoin gcomhaontú idirinstitiúideach maidir le reachtóireacht níos fearr.

Cur chun feidhme ag na Ballstáit

Is ar rialacha a comhaontaíodh go coiteann atá an tAontas Eorpach bunaithe. Chun timpeallacht dhlíthiúil shábháilte a chur ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí ar fud an Aontais, ní mór do na Ballstáit na rialacha sin a chur i bhfeidhm go hiomlán agus go tráthúil. Ní mór dóibh a chinntiú go ndéantar iad a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú i gceart chun na tairbhí a raibh siad beartaithe ina leith a bhaint amach. Cruthaíonn droch-chur chun feidhme costais agus neamhdheimhneacht dhlíthiúil do dhaoine agus do ghnólachtaí.

Comhar idirnáisiúnta

Cuid lárnach de bheartas rialála an Aontais is ea an comhar rialála idirnáisiúnta. Forbraíodh beartas an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr thar na blianta agus bhí sé bunaithe ar fhorbairtí idirnáisiúnta chomh maith, cuir i gcás na moltaí beartais éagsúla a forbraíodh in ECFE. 

Sonraítear i dtreoirlínte agus bosca uirlisí an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr an dóigh ar cheart an comhthéacs idirnáisiúnta a chur san áireamh agus beartas an Aontais á mheasúnú agus á fhorbairt, agus an dóigh a dtéimid i gcomhairle le comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara idirnáisiúnta. Cumhdaítear leis sin, mar shampla, an ceanglas conarthaí agus comhaontuithe idirnáisiúnta a chur san áireamh inár bhforbairt beartais, aghaidh a thabhairt ar thionchair gheopholaitiúla chuimsitheacha, fógra a thabhairt don Eagraíocht Dhomhanda Trádála i leith dréachtaí reachtacha, príomhshruthú a dhéanamh ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe atá san áireamh anois i meastóireachtaí agus measúnuithe tionchair, agus tuilleadh nach iad. 

Лучший частный хостинг