lynx   »   [go: up one dir, main page]

Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Tá an t-eolas seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский

Freagairt láidir chuimsitheach ón Aontas

Seasann an tAontas le chéile ina thacaíocht bhuanseasmhach don Úcráin i bhfianaise chogadh foghach na Rúise agus a hiarrachtaí neamhdhleathacha chun críocha na hÚcráine a ionghabháil. Táimid tiomanta leanúint de thacaíocht pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta a chur ar fáil don Úcráin agus dá muintir a fhad is gá.

Tacaíocht iomlán ón Aontas don Úcráin

San iomlán, €177.5 billiún atá i dtacaíocht an Aontais don Úcráin ó thosaigh cogadh foghach na Rúise. Tá an méid seo a leanas san áireamh ann:

  • níos mó ná €93.6 billiún a chuir Team Europe ar fáil go dtí seo chun tacú le hathléimneacht fhoriomlán eacnamaíoch, shóisialta agus airgeadais na hÚcráine
  • €63.2 billiún de bhearta cúnaimh mhíleata
  • suas le €17 mbilliún chun cabhrú leis na Ballstáit freastal ar riachtanais mhuintir na hÚcráine san Aontas
  • €3.7 billiún ó fháltais shócmhainní díchumasaithe na Rúise

An tacaíocht slógtha ag Team Europe

Chinn an tAontas, a Bhallstáit agus a institiúidí airgeadais cur chuige ‘Team Europe’ a ghlacadh mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid ag obair le chéile agus ag comhthiomsú ár n-acmhainní agus ár saineolais chun tionchar níos mó a bheith againn don Úcráin.

Ó thús an ionsaithe, tá níos mó ná €93.6 billiún curtha ar fáil ag Team Europe chun tacú leis an Úcráin.

An nuashonrú is déanaí: An 1 Deireadh Fómhair 2025

Cineálacha tacaíochta ón Aontas

National colors of Ukraine as a symbol of reconstruction on a building in downtown Frankfurt

Tacú le téarnamh agus atógáil na hÚcráine, agus lena conair i dtreo aontachas leis an Aontas Eorpach

Cadets Of The Military Institute Take The Oath In Kyiv

Aghaidh a thabhairt ar riachtanais mhíleata agus chosanta na hÚcráine, ó oiliúint go trealamh agus armlón

Doiciméid

Лучший частный хостинг