lynx   »   [go: up one dir, main page]

Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Cuidigh le muintir na hÚcráine: an chaoi ar féidir leat tabhartas a thabhairt

Tá an t-eolas seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский

Cuidigh le daoine san Úcráin

Cuidiú le daoine a theith ón Úcráin

Aimsigh eagraíochtaí i do thír féin.

Is liostaí táscacha neamh-uileghabhálacha iad seo. D’fhéadfadh sé go bhfuil níos mó eagraíochtaí gníomhach i do réigiún. Téigh i dteagmháil le d’údaráis áitiúla chun tuilleadh eolais a fháil.

Tabhartais idirnáisiúnta agus tabhartais ón earnáil phríobháideach

Tá córas curtha ar bun ag an gCoimisiún Eorpach trínar féidir leis an earnáil phríobháideach agus le tríú tíortha tabhartais chomhchineáil a bhronnadh ar an Úcráin, ar an Moldóiv agus ar thíortha de chuid an Aontais sa réigiún. 

Trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta déanfaidh an tAontas comhordú ar sheachadadh tráthúil sábháilte na n-earraí éigeandála a bhronntar, cuir i gcás trealamh fuinnimh, cógais, trealamh leighis, frithbhearta ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha nó núicléacha agus earraí dídine. 

Eintitis phríobháideacha agus phoiblí ó gach cearn den Aontas Eorpach ar mhaith leo tabhartas a thabhairt, is féidir leo teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún trí ríomhphost: ECHO-Donationsatec [dot] europa [dot] eu (ECHO-Donations[at]ec[dot]europa[dot]eu)

Tuilleadh eolais

Лучший частный хостинг