Eolas fúinn
Cuireann Tairseach Eorpach na hÓige eolas ar fáil ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal náisiúnta maidir le deiseanna agus tionscnaimh le haghaidh daoine óga atá ag cur fúthu, ag foghlaim agus ag obair san Eoraip.
Tá sé dírithe ar dhaoine óga agus ar pháirtithe leasmhara eile freisin atá ag obair in earnáil na hóige (eagraíochtaí óige, oibrithe óige, lucht ceaptha beartas, etc.).
Struchtúr
Tá an t-ábhar leagtha amach i 4 rannán, is iad sin:
- ‘Páirt a ghlacadh’
- ‘Taisteal go tír eile’
- ‘Tionscnaimh de chuid an Aontais’
- ‘Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh’
- Ina theannta sin, is féidir leat scéalta faoi dhaoine óga a léamh, imeachtaí a chuardach agus an nuacht is déanaí a sheiceáil.
Sa rannán ‘Páirt a ghlacadh’, is féidir leat teacht ar ailt maidir le saoránacht ghníomhach, ó dhearcthaí difriúla, cuir i gcás:
- Idirphlé Óige an Aontais
- Rannpháirtíocht dhaonlathach
- Do chearta agus cuimsiú
- Rannpháirtíocht shibhialta
- Forbairt inbhuanaithe
- #EUYouth4Peace
- Tuiscint idirchultúrtha
- Spóirt
Sa rannán ‘Taisteal go tír eile’, is féidir leat deiseanna difriúla a chuardach a bhaineann leis na rudaí seo a leanas:
- Staidéar a dhéanamh
- Obair dheonach
- Cúrsaí oiliúna
- Obair a dhéanamh
- Malartuithe scoile agus malartuithe don óige
- Taisteal
Sa rannán ‘Tionscnaimh de chuid an Aontais’, is féidir leat eolas a fháil faoi thionscnaimh agus faoi chláir éagsúla atá á maoiniú ag an Aontas Eorpach, cuir i gcás:
- An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach
- Erasmus+
- DiscoverEU
- Idirphlé Óige an Aontais
- Idirphlé maidir le Beartas don Óige
- Seachtain Eorpach na hÓige
Sa rannán ‘Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh’, is féidir leat rochtain a fháil ar eolas a bhaineann le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh, a forbraíodh faoi chuimsiú chomhar an Aontais maidir le beartas óige le haghaidh 2019-2027
Is féidir teacht ar na rannáin sin go léir ón leathanach baile nó ón bpríomh-roghchlár.
Is féidir leat freisin an barra cuardaigh a úsáid chun teacht go héasca ar an eolas atá uait.
Teangacha
Tá nascleanúint agus ábhar an tsuímh le fáil i 23 theanga an Aontais. Tá an t-ábhar a bhaineann le DiscoverEU le fáil freisin in IS, MK, NO, SR, TR.
Is féidir leat an teanga a athrú ar leathanach ar bith ach cliceáil ar an roghnóir teanga. Nuair a dhéantar sin, athraítear teanga nascleanúna an tsuímh.
Ní aistrítear nuacht, ailt, imeachtaí agus scéalta ach amháin le meaisínaistriúchán. Chun é sin a dhéanamh, nuair a athraíonn tú an teanga taispeána, ní mór duit cliceáil ar ‘Aistrigh an leathanach seo’ fós.
Cothabháil ábhair
Is é an Coimisiún Eorpach agus Líonra Eurodesk a dhéanann cothabháil ar ábhar an tsuímh seo. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an Fógra Dlíthiúil.
Ceisteanna
Is féidir le daoine a thugann cuairt ar an Tairseach ceisteanna a chur isteach trí chliceáil ar an gcnaipe ‘Ceisteanna’ agus an fhoirm a líonadh isteach in aon cheann de na teangacha a úsáidtear ar an Tairseach. Is é Líonra Eurodesk a thabharfaidh freagra ar na ceisteanna sin.
Aiseolas
Má tá tuilleadh eolais uait maidir leis an Tairseach Eorpach don Óige, nó má tá tuairimí nó moltaí agat maidir leis an gcaoi le feabhas a chur air, ná bíodh drogall ar bith ort dul i dteagmháil linn tríd an nasc ‘Déan teagmháil linn’ atá ag bun gach leathanaigh.
Is tionscnamh de chuid an Aontais Eorpaigh é Tairseach Eorpach na hÓige.