lynx   »   [go: up one dir, main page]

Skip to main content

Straitéis AE i leith na hÓige

D'fhorbair an tAontas Straitéis AE i leith na hÓige agus is mian leis daoine óga a spreagadh chun bheith ina saoránaigh ghníomhacha agus chun páirt a ghlacadh sa daonlathas agus sa tsochaí. Is maith linn go n-inseoidh daoine óga dúinn na rudaí atá tábhachtach dóibh trí pháirt a ghlacadh in Idirphlé Óige an Aontais.

Comhordaitheoir Eorpach na hÓige

Ról Chomhordaitheoir Eorpach na hÓige 

Mhol an Coimisiún Eorpach ról Chomhordaitheoir Eorpach na hÓige a bhunú agus é d’aidhm aige feabhas a chur ar chomhar trasearnála, chomh maith le forbairt agus malartú eolais maidir le saincheisteanna óige sa Choimisiún Eorpach.

Ba dhíol sásaimh don Chomhairle an rún sin sa Rún ón gComhairle maidir le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027, agus thug sí dá haire gur cheart do Chomhordaitheoir Eorpach na hÓige oibriú i gcomhar le geallsealbhóirí éagsúla chun cumarsáid chomhleanúnach a chinntiú le daoine óga.

Sna Conclúidí uaithi an 29.11.2023, chuir an Chomhairle príomhshruthú na hóige chun cinn i bpróisis chinnteoireachta beartas san Aontas Eorpach. D’iarr sí ar an gCoimisiún Eorpach ‘dearcadh na hóige a phríomhshruthú agus beartais á gceapadh, á gcur chun feidhme, á bhfaire agus á meas, an dearcadh sin a chur i bhfeidhm i ngach réimse a bhaineann le saol na ndaoine óga, agus Comhordaitheoir Eorpach na hÓige a rannpháirtiú sa mhéid sin de réir mar is iomchuí ar leibhéal an Aontais.’

Cad a dhéanann Comhordaitheoir Eorpach na hÓige?

Éascaíonn Comhordaitheoir Eorpach na hÓige Líonra Óige an Choimisiúin ina bhfuil chomhfhreagraithe don óige ó gach cearn den Choimisiún, agus déanann sé cathaoirleacht ar Ghrúpa an Aontais um Páirtithe Leasmhara na hÓige. 

Déanann an Comhordaitheoir an méid seo a leanas:

  • spreagann sé peirspictíochtaí na hóige (ionchur san áireamh a fhaightear trí Idirphlé an Aontais leis an Aos Óg) a chomhtháthú sna beartais ábhartha uile,
  • neartaíonn sé an comhar agus an comhordú idir seirbhísí an Choimisiúin atá ag obair ar shaincheisteanna a bhaineann leis an óige agus
  • músclaíonn sé feasacht maidir le deiseanna san Aontas do dhaoine óga.  

Samplaí de ghníomhaíochtaí Chomhordaitheoir Eorpach na hÓige

I mí an Mheithimh 2021 ceapadh Biliana Sirakova ina Comhordaitheoir Eorpach na hÓige, agus ba í an chéad duine sa ról sin riamh í. 

Idirphlé Beartais leis an Aos Óg in éineacht leis an gCoimisinéir Ivanona

Idirphlé Beartais leis an Aos Óg in éineacht leis an gCoimisinéir Iliana Ivanova le linn Sheachtain Eorpach na hÓige 2024, arna mhodhnú ag Comhordaitheoir Eorpach na hÓige Biliana Sirakova. © An tAontas Eorpach, 2024

Anseo thíos gheobhaidh tú liosta neamh-uileghabhálach de ghníomhaíochtaí Sirakova.  

2025

2024 

2023

2022 

  • Thug sí faoi níos mó ná 150 gníomhaíocht for-rochtana (cainteanna a thabhairt ag comhdhálacha, cruinnithe le daoine óga agus páirtithe leasmhara, podchraoltaí, agallaimh, físeáin). Samplaí: podchraoladh le Eurodesk, seisiún ar líne le Institute for a Greater Europe, físeán le haghaidh chomhdháil bhliantúil Housing Europe in Heilsincí, seimineár gréasáin comhpháirteach de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, Eurofound agus na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS), comhdháil de chuid Youth in the Northern Periphery and Arctic, Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh
  • Ba í a bhí i gceannas ar an ullmhúchán do 5 chruinniú, agus í ina cathaoirleach orthu, de chuid Líonra Óige an Choimisiúin, agus 11 chruinniú de chuid ghrúpa comhordaitheoirí náisiúnta agus páirtithe leasmhara Bhliain Eorpach na hÓige
  • Rinne sí modhnú ar 9 n-idirphlé beartais leis an aos óg in éineacht le Coimisinéirí

Meán Fómhair – Nollaig 2021

  • Bhí sí ar dhuine de na ceannairí foirne i dtascfhórsa Bhliain Eorpach na hÓige 2022 a bhí freagrach as rannpháirtíocht na gcomhordaitheoirí náisiúnta agus na bpáirtithe leasmhara óige agus as an bhfor-rochtain sheachtrach agus inmheánach sa Choimisiún
  • Bhunaigh sí Líonra Óige neamhfhoirmiúil de chuid an Choimisiúin ar a raibh ionadaithe ó 15 Ard-Stiúrthóireacht
  • Rinne sí níos mó ná 80 gníomhaíocht for-rochtana agus cumarsáide, cainteanna agus agallaimh ina measc. Samplaí: caint ar líne faoi rannpháirtíocht na hóige le haghaidh Schwarzkopf-Stiftung Junges Europa, cur i láthair ag ALL DIGITAL SUMMIT Social Hackademy, agallamh ag Bundesregierung.de, agallamh ag fse.gouv.fr, aoi sa phodchraoladh ‘Under 30’ de chuid na Comhpháirtíochta Óige idir an tAontas agus Comhairle na hEorpa
  • Thaifead sí físeán le haghaidh oiliúint ghinearálta ar líne an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.
An Coimisinéir Marya Gabriel (ar dheis) agus Comhordaitheoir Eorpach na hÓige Biliana Sirakova © An tAontas Eorpach, 2021

An Coimisinéir Marya Gabriel (ar dheis) agus Comhordaitheoir Eorpach na hÓige Biliana Sirakova © An tAontas Eorpach, 2021

 


 

Лучший частный хостинг