Trédhearcacht

Tá oscailteacht agus trédhearcacht ina bpríomhluachanna ag EFSA ó bunaíodh é in 2002. Mar chomhlacht poiblí, tá EFSA cuntasach do na daoine ar bunaíodh é chun freastal orthu – saoránaigh an Aontais Eorpaigh – nach féidir leis an Údarás feidhmiú go héifeachtach gan a muinín ná gan a n‑iontaoibh.

Le rialachán nua maidir le trédhearcacht agus inbhuanaitheacht mheasúnú riosca an Aontais ar an mbiashlabhra, rialachán atá i bhfeidhm ón 27 Márta 2021, neartaítear cumas Tomhas ar chumas substainte ceimicí tionchar a imirt, a thuairiscítear maidir leis an ngaol idir an dáileog a úsáidtear agus méid an tionchair atá ann dá bharr an Údaráis a fheidhmeanna measúnaithe riosca a chur i gcrích i gcomhréir leis na caighdeáin trédhearcachta is airde.

Le linn phríomhchéim chur chun feidhme an rialacháin, roimh theacht i bhfeidhm dó, chuaigh EFSA i ndlúth-theagmháil le páirtithe leasmhara trí Bhonn Braite tiomnaithe agus trí roinnt grúpaí teicniúla. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil anseo.

Déanann EFSA cumarsáid réamhghníomhach maidir le hathruithe, nuashonruithe agus nuacht ábhartha a bhaineann leis an Rialachán maidir le Trédhearcacht. Foilsítear cruinnithe agus deiseanna oiliúna atá le teacht i bhféilire EFSA.

Oibríonn EFSA go leanúnach chun feabhas a chur ar na huirlisí digiteacha atá ar fáil d’iarratasóirí agus do pháirtithe leasmhara eile. Tá faisnéis faoi fheabhsuithe digiteacha atá le teacht ar fáil anseo.

Tá EFSA tiomanta freisin dá chinntiú go mbeidh an fhaisnéis agus an tacaíocht ar fad a theastaíonn ag oibreoirí gnó agus ag iarratasóirí chun bheith in ann aistriú go rianúil chuig an timpeallacht nua. Tá comhairle agus ábhair thacaíochta ar fáil sa rannán Sraith Uirlisí na nIarratasóirí ar shuíomh gréasáin EFSA, agus i ngrúpa tiomnaithe LinkedIn um thacú le hiarratasóirí.

Tugadh an rialachán isteach agus é mar aidhm aige trédhearcacht an mheasúnaithe riosca sa bhiashlabhra a mhéadú, iontaofacht, oibiachtúlacht agus neamhspleáchas na staidéar a cuireadh faoi bhráid EFSA a neartú, agus rialachas EFSA a threisiú chun a inbhuanaitheacht fhadtéarmach a áirithiú. Foráiltear an méid seo a leanas ann go háirithe:

  • Beidh rochtain ag saoránaigh ar staidéir agus ar fhaisnéis arna gcur isteach ag an tionscal sa phróiseas measúnaithe riosca. Rachfar i gcomhairle freisin le páirtithe leasmhara agus leis an bpobal i gcoitinne maidir le staidéir a chuirtear isteach.
  • Cuirfear EFSA ar an eolas faoi gach staidéar coimisiúnaithe lena chinntiú go gcuirfidh cuideachtaí a dhéanann iarratas ar údaruithe an fhaisnéis ábhartha ar fad isteach. Ina theannta sin, cuirfidh an tÚdarás comhairle ar iarratasóirí sula gcuirfear sainchomhaid isteach.
  • Féadfaidh an Coimisiún Eorpach iarraidh ar EFSA staidéir bhreise a choimisiúnú agus féadfaidh sé misin aimsithe fíricí a chur i gcrích chun a fhíorú go gcomhlíonann saotharlanna/staidéir caighdeáin cháilíochta.

I gcomhréir le ceanglais trédhearcachta, d’fhorbair EFSA Open EFSA, tairseach Dáileog nó nochtadh nach mbraitear éifeachtaí díobhálacha faoina bhun thiomnaithe ar a chuirtear ar fáil faisnéis chuimsitheach ar ár bpróiseas measúnaithe riosca. Áirítear leis sin gach rud, idir sainordú nó sainchomhad a fháil agus aschur a ghlacadh, cuir i gcás. I gcás go ndiúltaíonn EFSA d’iarraidh ar chomhairle eolaíoch toisc nach gcomhlíontar léi na ceanglais riachtanacha nó i gcás nach dtagann sí faoina shainchúram, tabharfaidh an tÚdarás breac-chuntas ar na cúiseanna le diúltú mar sin. 

Liosta de shainorduithe ar diúltaíodh dóibh
SainordúLitir dhiúltaithe
Ceanglais sláinteachais le haghaidh táirgí iascaigh – 15 Bealtaine 2024Ceanglais sláinteachais le haghaidh táirgí iascaigh – 12 Meitheamh 2024
 

Rochtain phoiblí ar dhoiciméid

Leagtar síos in Airteagal 15 den Chonradh ar Is éard is meánriachtanas (AR) an leibhéal cothaithigh sa réim bhia a chomhlíonann riachtanais laethúla leath na ndaoine i ngnáthphobal sláintiúil Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”) prionsabal na trédhearcachta lena n‑áirítear an ceart atá ag aon saoránach den Aontas, agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát ceart rochtana ar dhoiciméid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais de réir na bprionsabal agus na gcoinníollacha arna sainiú i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001. Cumhdaítear an ceart rochtana sin freisin in Airteagal 42 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Chun an éifeacht is mó is féidir a thabhairt don cheart chun rochtain phoiblí a fháil ar dhoiciméid, glacadh Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 d’fhonn prionsabal na trédhearcachta a chur chun feidhme tríd an nós imeachta a bhunú chun iarratais ar rochtain ar dhoiciméid a sheoladh. Liostaítear freisin sa Rialachán na heisceachtaí ó nochtadh chun leasanna poiblí agus príobháideacha áirithe a chosaint. Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le EFSA de réir Airteagal 41 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002. Ina theannta sin, ghlac EFSA socruithe praiticiúla lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 agus Airteagal 6 agus Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 agus nós imeachta oibriúcháin inmheánach chun iarratais ar rochtain ar dhoiciméid a láimhseáil. Thairis sin, ghlac EFSA Treoir d’iarratasóirí chun an pobal a chur ar an eolas faoina gcearta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

Leis an gceart chun rochtain phoiblí a fháil ar dhoiciméid atá i seilbh institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, cuimsítear prionsabail na hoscailteachta agus na trédhearcachta arb ionann iad agus croíluachanna i ndlíchóras na hEorpa, rud lena gcuirtear le feidhmiú níos trédhearcaí an Aontais Eorpaigh mar chóras daonlathach.

Is féidir Socruithe Praiticiúla EFSA maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 agus Airteagal 6 agus Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 a rochtain anseo.

Treoir d’iarratasóirí um dhoiciméid a rochtainar fáil freisin.

Déantar mionchur síos ar an bpróiseas freisin in SOP 36 atá le fáil anseo.

Chun iarratais a chur isteach ar dhoiciméid a rochtain, bain úsáid as an bhfoirm ar líne atá ar fáil in Connect.EFSA. Ach cliceáil ar “rochtain phoiblí ar dhoiciméid” sa mhír “réimse”, láimhseálfar d’iarratas de réir Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

D’fhonn an próiseas a mhíniú, tá seimineár gréasáin eagraithe ag EFSA

Doiciméid