Breiseáin agus Táirgí nó Substaintí a úsáidtear i mBia Ainmhithe
Soláthraíonn an Painéal um Breiseáin agus Táirgí nó Substaintí a úsáidtear i mbia ainmhithe (FEEDAP) comhairle eolaíoch maidir le sábháilteacht agus/nó éifeachtúlacht breiseán agus táirgí nó substaintí a úsáidtear i mbia ainmhithe. Déanann an Painéal meastóireacht ar a sábháilteacht agus/nó ar a n-éifeachtúlacht don spriocspeiceas, don úsáideoir, don tomhaltóir táirgí de bhunadh ainmhíoch agus don chomhshaol. Breathnaíonn sé freisin ar éifeachtúlacht táirgí/substaintí bitheolaíocha agus ceimiceacha atá beartaithe lena n-úsáid d’aon ghnó i mbia ainmhithe.
Is eolaithe ó gach cearn den Eoraip iad Comhaltaí Phainéal FEEDAP a bhfuil saineolas acu ar na nithe seo a leanas:
- Cothú ainmhithe/fiseolaíocht ainmhithe/ táirgeadh – cothú monaghastrach, athchogantach agus éanlaithe clóis, lena n-áirítear próisis díleácha, teicnící beathaithe, foirmliú beatha, riachtanais cothaitheach agus fulaingt
- Tocsaineolaíocht – tocsaineacht fho-ainsealach agus ainsealach (staidéir leantacha ar dháileog), géineatocsaineacht agus só-ghineacht, tocsaineacht forbraíochta agus atáirgthe, carcanaigineacht agus tocsaineolaíocht cheirde
- Staidéir chógaschinéitice/ cógasdinimice/ meitibileachta – ionsú, dáileadh, meitibileacht agus eisfhearadh (ADME) substaintí, measúnú nochta (uasleibhéil, uasleibhéil iarmhair)
- Micribhitheolaíocht, frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach – (meastóireacht ar bhreiseáin atá bunaithe ar mhiocrorgánach)
- Measúnú riosca comhshaoil – an tionchar a bhíonn ag breiseáin bheathaithe a úsáid ar thimpeallachtaí talún agus uisceacha)