Treoracha agus foirmeacha le haghaidh tairiscint a chur isteach

Ba cheart do gach tairgeoir na treoracha i dTreoir EFSA do Thairgeoirí a léamh agus a leanúint go cúramach, agus aird ar leith a thabhairt ar fhorálacha an Ráitis Príobháideachais.

Ba cheart na doiciméid agus na foirmeacha breise sin a léamh agus/nó a líonadh isteach, de réir mar is gá.

Ní gá na doiciméid thíos a chur isteach le haghaidh gach glao ó EFSA ar thairiscintí. Seiceáil go cúramach sonraíochtaí na tairisceana ionas go dtuigfidh tú cé acu de na doiciméid thíos atá ag teastáil don ghlao sonrach ar mian leat iarratas a dhéanamh ina leith.

Foirmeacha is infheidhme maidir le gach glao ar thairiscintí

Foirmeacha coinbhleachta leasa is infheidhme maidir le conarthaí/deontais a síníodh roimh mhí an Mheithimh 2025

Foirmeacha coinbhleachta leasa is infheidhme maidir le conarthaí/deontais arna síniú ó mhí an Mheithimh 2025 ar aghaidh

Treoirdhoiciméid

Déantar glaonna ar thairiscintí (soláthar) agus glaonna ar thograí (deontais) atá le teacht, lena ngabhann an teideal, an buiséad agus an sceideal táscach maidir le seoladh, a fhógairt ar shuíomh gréasáin EFSA. Faisnéis tháscach atá i gceist ansin, áfach, agus ní fhágann sí go bhfuil sé d’oibleagáid ar EFSA aon nós imeachta ar leith a sheoladh.

I gcomhair tuilleadh sonraí faoi rialacha a bhaineann le soláthar EFSA, féach Teideal VII de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 (Rialachán Airgeadais an Aontais) agus leathanach soláthair EFSA.

Bronann EFSA deontais freisin. I gcomhair tuilleadh sonraí faoi rialacha a bhaineann le deontais EFSA, féach Teideal VIII de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 (Rialachán Airgeadais an Aontais) agus an leathanach seo.