Feisirí nua a fhíorú 

Déantar fíorú ar dhintiúir FPEnna nuathofa chun a dheimhniú nach bhfuil oifig acu nach bhfuil comhoiriúnach do bheith ina bhFeisire de Pharlaimint na hEorpa.

I measc na n-oifigí nach bhfuil comhoiriúnach tá aire rialtais nó comhalta parlaiminte i mBallstát den Aontas Eorpach, ról sa Choimisiún Eorpach, i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i mBord Stiúrthóirí an Bhainc Ceannais Eorpaigh, i gCúirt Iniúchóirí na hEorpa nó ról sa Bhanc Eorpach Infheistíochta. Ní féidir le hoifigigh ghníomhacha de chuid institiúidí nó comhlachtaí AE a bunaíodh faoi chonarthaí AE chun cistí pobail a bhainistiú a bheith ina FPEnna ach oiread.

A luaithe a bheidh torthaí na dtoghchán oifigiúil, cuirfidh na Ballstáit ainmneacha na ndaoine a bhuaigh suíochán in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus iarrfaidh an tUachtarán ansin ar údaráis inniúla na mBallstát na bearta is gá a dhéanamh chun saincheisteanna a bhaineann le neamh-chomhoiriúnacht oifigí a sheachaint. Ní mór do na Feisirí é sin a dhearbhú i scríbhinn agus dearbhú a thíolacadh tráth nach déanaí ná sé lá roimh shuí bunaithe na Parlaiminte.

Seiceálann an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla sa Pharlaimint dintiúir nua na bhFeisirí ex post, agus cinntí á ndéanamh aige bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit. Cuirtear an tUachtarán ar an eolas faoin gcinneadh agus cuireann sé/sí an suí iomlánach ar an eolas le linn an chéad suí eile. Chomh maith le dintiúir a sheiceáil, rialaíonn an Pharlaimint freisin maidir le haon díospóidí de bhun Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, seachas na díospóidí sin atá bunaithe ar dhlíthe náisiúnta toghcháin.

I gcás ina suitear go bhfuil oifig neamhréireach ag Feisire, déanfaidh an Pharlaimint ‘a shuí go bhfuil folúntas ann.