Vicipéid:Séanadh ginearálta
Cuma
Ní chinntíonn an Vicipéid cruinneas
Ciclipéid saor-ábhair ar líne is ea an Vicipéid - i. dream deonach de dhaoine agus de ghrúpaí atá ag cruinniú eolas an chine dhaonna mar acmhainn choitianta. Ceadaíonn a dhéanmhas do dhuine ar bith a bhfuil nasc idirlín agus brabhsálaí aige an t-ábhar a athrú. Dá bhrí sin, cuimhnímis nach gá gur daoine lán-oilte a sholáthair an t-ábhar úd.
Ní hionann é sin is a rá nach bhfaighidh tú eolas cruinn sa Vicipéid, ach ní féidir leis an Vicipéid a dhearbhú go bhfuil an t-eolas sin gan locht. B'fhéidir go raibh sé athraithe nó loite ag daoine nach bhfuil ar aon intinn faoin eolas. Tá obair le déanamh chun na leaganacha is iontaofa d'ailt a roghnú agus a chur i láthair.